|
Tuismitheoirí agus Múinteoirí
Cuidíonn An Choill Draíochta
chun samhlaíocht linbh a fhorbairt. Tá na cleachtaí
samhlaíochta leagtha amach chun cur le cruthaitheacht,
socracht an linbh agus chun a gcuid smaointe a chur in eagar.
Moltar úsáid rialta chun "samhlaíocht
níos aclaí" a bhaint amach. Is féidir
le múinteoirí é a úsáid
mar chuid dá bplean cleachtaí agus chun hipirghníomhaíocht
sa rang a laghdú. Is féidir le tuismitheoirí
é a úsáid in éineacht lena bpáistí
tar éis lá cruógach a chur isteach agus
tugann sé an deis dóibh am a chaitheamh in éineacht.
Úsáid Dhaoine Fásta
Bíonn an-tóir ag daoine
fásta ar An Choill Draíochta freisin!
Tá na híomhánna leanaí thar cionn
chun inchinn loighiciúil a chur ar a suaimhneas agus
ligean do shocracht agus do chruthaitheacht ealú isteach.
Tá sé ina bhuntáiste go háirithe
do dhaoine fásta a bhíonn faoi bhrú nó
a bhfuil deacrachtaí codlata acu.
|
Sraith Bright-Child
Is é An Choill Draíochta
an chéad scéal i sraith scéalta samhlaíocht-threoraithe
dar teideal 'Aclaíocht don tSamhlaíocht'. Baineann
gach cleachtadh in Aclaíocht don tSamhlaíocht
úsáid as páirt éagsúil
de do shamhlaíocht ag cuidiú leat cruthaitheacht
a fhorbairt, cur le muinín, fadhbanna a réiteach,
díriú ar spriocanna agus fuascailt a fháil
ar theannais is cuma cad is bonn leo. Cuideoidh úsáid
leanúnach le féin-chumhachtú, féinmheas
agus taithí ar leith ar fhorbairt an 'chumais samhlaíochta'.

|