Bright-Child Productions An Choill Draiochta
  Abhaile | An CD | Contact
   
An Choill Draíochta? Cad é?  

Leanaí

Fáilte go dtí An Choill Draíochta, saol draíochta ar féidir leatsa do chuid féin a dhéanamh de. Le linn na heachtra, casfar carachtair speisialta ort agus beidh siadsan mar chairde draíochta agat. Is féidir leatsa gach uair a éisteann tú leis an an scéal an Choill a leagan amach agus d'áit speisialta féin a dhéanamh de.
Scéal maith d'am codlata atá ann freisin.

 

 

Conas is féidir leas a bhaint as na closchláir?

EUR 21.35
(Includes shipping)

 

Tuismitheoirí agus Múinteoirí

Cuidíonn An Choill Draíochta chun samhlaíocht linbh a fhorbairt. Tá na cleachtaí samhlaíochta leagtha amach chun cur le cruthaitheacht, socracht an linbh agus chun a gcuid smaointe a chur in eagar. Moltar úsáid rialta chun "samhlaíocht níos aclaí" a bhaint amach. Is féidir le múinteoirí é a úsáid mar chuid dá bplean cleachtaí agus chun hipirghníomhaíocht sa rang a laghdú. Is féidir le tuismitheoirí é a úsáid in éineacht lena bpáistí tar éis lá cruógach a chur isteach agus tugann sé an deis dóibh am a chaitheamh in éineacht.

Úsáid Dhaoine Fásta

Bíonn an-tóir ag daoine fásta ar An Choill Draíochta freisin!
Tá na híomhánna leanaí thar cionn chun inchinn loighiciúil a chur ar a suaimhneas agus ligean do shocracht agus do chruthaitheacht ealú isteach. Tá sé ina bhuntáiste go háirithe do dhaoine fásta a bhíonn faoi bhrú nó a bhfuil deacrachtaí codlata acu.

Sraith Bright-Child

Is é An Choill Draíochta an chéad scéal i sraith scéalta samhlaíocht-threoraithe dar teideal 'Aclaíocht don tSamhlaíocht'. Baineann gach cleachtadh in Aclaíocht don tSamhlaíocht úsáid as páirt éagsúil de do shamhlaíocht ag cuidiú leat cruthaitheacht a fhorbairt, cur le muinín, fadhbanna a réiteach, díriú ar spriocanna agus fuascailt a fháil ar theannais is cuma cad is bonn leo. Cuideoidh úsáid leanúnach le féin-chumhachtú, féinmheas agus taithí ar leith ar fhorbairt an 'chumais samhlaíochta'.

 

Conas is féidir leas a bhaint as na closchláir?

'An Choill Draíochta' EUR 21.35 (Includes shipping)

 

 

© Bright-Child Productions 2002. All Rights Reserved. Made In Ireland.